,
Tá tú anseo: Baile > Staidreamh > Staidreamh maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil > Suirbhéanna ar an gCoireacht agus an Íospairt

Suirbhéanna ar an gCoireacht agus an Íospairt

Sa Rannóg seo

 

 

What is the Role of Crime and Victimisation Surveys?

Scrúdaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh rátaí Coireachta agus Íospartha in Éirinn mar chuid den Suirbhéireacht Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh i 1998, 2003 agus 2006.  Cuireann Suirbhéanna Coireachta agus Íospartha forlíonadh úsáideach ar fáil le staitisticí coireachta oifigiúla toisc gur féidir iad a úsáid chun ‘staitistic dhorcha’ na coireachta a mheas, .i. na coireanna sin nach dtuairiscítear do na póilíní iad agus, mar sin, nach dtaifeadtar iad sna staitisticí coireachta oifigiúla.


2006 Quarterly National Household Survey (QNHS)

I 2006, rinne an Phríomh-Oifig Staidrimh suirbhé ar 39,000 teaghlach mar chuid den Suirbhéireacht Ráithiúil. Oiriúnaíodh an sampla seo go matamaticiúil ansin chun é a dhéanamh ionadaíoch do dhaonra Phoblacht na hÉireann ina iomláine. Le haghaidh tuilleadh faisnéis ar an nós imeachta seo, amharc ar Steel Report on Sample Design and Estimation Procedures (Word, 144KB). Fuair an Phríomh-Oifig Staidrimh go raibh timpeall is 4.6% thíos le coir sna 12 mhí roimhe. Cé gur tuairiscíodh formhór na gcoireanna sin don Gharda Síochána, níor tuairiscíodh timpeall is 30% de bhuirgléireachtaí, 40% de ghoideanna agus 48% d’ionsaithe don Gharda. Tá sé tábhachtach le tabhairt faoi deara nach raibh ionsaithe baile agus gnéasacha i measc na gcoireanna a raibh clúdaithe sa suirbhé. Tá an Phríomh-Oifig Staidrimh den tuairim go bhfuil baint idir an méid a thuairiscíonn daoine iompar coiriúil le tromchúiseacht mheabhairbhraite an chiona, an caillteanas airgeadais i gceist, críocha áracháis agus dearcadh an íospartaigh i dtaobh thoradh dóchúil an imscrúdaithe.

Maidir le rátaí leitheadúlachta d’iompar coiriúil, tugann suirbhéanna Coireachta agus Íospartha an CSO le fios go bhfuil daoine fásta níos óige, go háirithe fireannaigh idir 18-24 bliana d’aois, níos mó i mbaol a bheith thíos le coir (seachas ionsaithe baile agus gnéasacha). Rud suntasach, is iad daoine fásta níos sine agus baineannaigh a bhfuil an claonadh orthu níos mó ná fireannaigh níos óige eagla a bheith orthu go mbeidh siad thíos le coir. Mar shampla, braitheann 41.5% de bhaineannaigh i mbaol nó go mór i mbaol agus iad ag siúl ina n-aonar ina gceantar féin tar éis é a bheith éirithe dorcha i gcomparáid le 10.9% d’fhireannaigh. Ar an dul céanna, bhraithfeadh 45.2% de dhaoine fásta 65 bhliain d’aois nó níos sine i mbaol nó go mór i mbaol agus iad ag siúl timpeall a gcomharsanachta ina n-aonar san oíche. Sa bhreis ar sin, tá an chosúlacht air go bhfuil daoine a chónaíonn i gceantair uirbeacha, go háirithe i mBaile Átha Cliath, níos mó i mbaol a bheith thíos le hiompar coiriúil ná iad siúd a chónaíonn i gceantair tuaithe.

Déanfaidh an Phríomh-Oifig Staidrimh an chéad suirbhé Coireachta agus Íospartha eile atá sceidealta in Éirinn do 2009.


EU International Crime and Safety Survey (ICVS)

D’fhéadfadh sé a bheith úsáideach na rátaí coireachta agus íospartha a thaifeadann an Phríomh-Oifig Staidrimh (CSO) a chur i gcomparáid leis na staitisticí i gcomhchoibhneas don Albain, don Bhreatain Bheag agus do thíortha Eorpacha eile. Is féidir na staitisticí seo a fháil sa British Crime Survey (BCS), a dhéanann an Stiúrthóireacht Taighde, Forbartha agus Staidrimh de chuid na hOifige Gnóthaí Baile agus Suirbhé Idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh um Choireacht agus Sábháilteacht (EU ICS). Tá na torthaí is déanaí den BCS ar fáil sa tuarascáil Crime in England and Wales 2006/07 (PDF, 1.78 MB). Thaifead an BCS, cosúil le suirbhé an CSO, rátaí tuairiscithe difriúla i gcomhair na gcoireanna difriúla. Tugann an BCS le fios, go comhiomlán, nach dtuairiscítear 59% de choireanna inchomparáide san Albain agus sa Bhreatain Bheag do na póilíní agus ní thagann siad ar a súile ar aon bhealach eile. Ar an dul céanna, tuairiscítear torthaí san EU ICS. Cuimsíonn an EU ICS sraith de shuirbhéanna samplacha a rinneadh i 15 bhallstát ‘réamh-mhéadaithe 2004' de chuid an AE, móide an Pholainn, an Ungáir agus an Eastóin. Áiríodh Éire in EU ICS 2005. Baineann an suirbhé go príomha le héispearais daoine i dtaobh na coireachta agus forghníomhú an dlí ina dtíortha faoi seach. Déantar achoimriú ar thorthaí an tsuirbhé i saothar comparáideach dar teideal The Burden of Crime in the EU (PDF, 1.13 MB).


Garda Public Attitudes Survey (GPAS)

I dteannta leis an Suirbhé, cuireann Suirbhé Bliantúil an Gharda ar Dhearcadh an Phobail foinse malartach ar fáil d’fhaisnéis maidir le ‘staitistic dhorcha’ na coireachta neamhthuairiscithe in Éirinn. I 2006, fuair Suirbhé Bliantúil an Gharda ar Dhearcadh an Phobail nár thuairiscigh 14% díobh a bhí thíos le cion an cion is déanaí do na Gardaí. Tá fáil ar thorthaí Shuirbhé Bliantúil an Gharda ar Dhearcadh an Phobail ó 2002-2006 ar láithreán gréasáin an Gharda Síochána.

 


Le haghaidh tuilleadh faisnéise ar Shuirbhéanna Coireachta agus Íospartha, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh (http://www.cso.ie) agus/nó féach thíos le haghaidh roinnt staitisticí faoi rátaí coireachta agus íospartha in Éirinn arna dtógáil ó thorthaí an tSuirbhé is déanaí.

(Foinse: Láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh)

 

Ar Ais go dtí an Barr