| Bliain | Cionta Indíotáilte/Ceannlíne | Cionta Neamhindíotáilte/Neamhcheannlíne | Iomlán na gCionta a Taifeadadh |
|---|---|---|---|
| 1995 | 102,484 | 478,733 | 581,217 |
| 1996 | 100,785 | 451,267 | 552,052 |
| 1997 | 90,875 | 451,742 | 542,617 |
| 1998 | 85,627 | 413,340 | 498,967 |
| 1999 | 81,274 | 432,696 | 513,970 |
| 2000 | 73,276 | 443,077 | 516,353 |
| 2001 | 86,633 | 326,527 | 413,160 |
| 2002 | 106,415 | 340,356 | 446,771 |
| 2003 | 103,360 | 292,279 | 395,639 |
| 2004 | 98,964 | 282,065 | 381,029 |
| 2005 | 101,659 | 316,389 | 418,048 |
| 2006 | 103,177 | 302,986 | 406,163 |
| 2007 | 104,946 | n/a | n/a |
(Tuarascálacha Bliantúla an Gharda Síochána)
1. Áirítear i líon na gCionta Indíotáilte/Ceannlíne gach cion a tháinig ar shúile an Gharda Síochána. Ní áirítear i líon na gCionta Neamhindíotáilte/Neamhcheannlíne ach amháin na cionta sin inar tionscnaíodh imeachtaí.
Nóta: Idir 1995 agus 2002, i dTuarascálacha Bliantúla an Gharda Síochána, foilsíodh sonraí líon agus cineál na gcionta drugaí a taifeadadh i dtábla ar leith. I mblianta áirithe, níor áiríodh na staitisticí a tuairiscíodh sa tábla sin ar leith i líon iomlán na gcionta neamhcheannlíne.
Taispeáin staitisticí coireachta ó 1995-2002 lena n-áirítear cionta drugaí | Déan staitisticí coireachta ó 1995-2002 lena n-áirítear cionta drugaí a fholú
Rinneadh roinnt mhaith athruithe ar aicmiú cionta i 2000. Is le linn an ama sin a ath-aicmíodh cionta mar ‘chionta ceannlíne’ agus ‘chionta neamhcheannlíne’. Caithfear a bheith cúramach mar sin agus staitisticí coireachta Éireannacha ó 2000 i leith á gcur i gcomparáid le staitisticí roimh 2000. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go ndeachaigh an fhreagracht as staitisticí coireachta Éireannacha a fhoilsiú faoi chúram na Príomh-Oifige Staidrimh, rud a bhíodh faoi chúram an Gharda Síochána, i 2006.
(Foinse: Tuarascálacha Bliantúla an Gharda Síochána agus na Phríomh-Oifige Staidrimh)
| Bliain | Iomlán na gCionta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre | Cionta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre mar % na gCionta Neamhindíotáilte | Cionta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre mar % Iomlán na gCionta a Taifeadadh |
|---|---|---|---|
| 1995 | 289,918 | 61% | 51% |
| 1996 | 268,572 | 60% | 49% |
| 1997 | 263,207 | 58% | 49% |
| 1998 | 238,171 | 58% | 48% |
| 1999 | 264,577 | 61% | 51% |
| 2000 | 249,887 | 56% | 48% |
| 2001 | 184,576 | 57% | 45% |
| 2002* | 237,106 | 70% | 53% |
| 2003 | 198,354 | 68% | 50% |
| 2004 | 194,525 | 69% | 51% |
| 2005 | 223,551 | 70% | 53% |
| 2006 | 211,184 | 70% | 52% |
*I 2002, tugadh isteach formáid imeachtaí ceannlínte nua a chuir na rudaí a leanas le hiomlán na gcionta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre – imeachtaí as tógáil neamhúdaraithe MPV, tógáil neamhúdaraithe mótarfheithicle, tógáil neamhúdaraithe rothair, cur isteach neamhúdaraithe ar mheicníocht MPV, rialacháin AE – Tástáil Feithiclí, rialacháin AE – tacagraf, Achtanna um Thrácht ar Bhóithre agus Achtanna Bóithre/ Achtanna Airgeadais- Dleacht Mháil. Áirítear na rudaí seo uile in Iomlán na gCionta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre a luaitear i dTuarascáil Bhliantúil an Gharda do 2002 agus sna blianta dá éis. Ní áirítear na catagóirí seo i líon iomlán na gCionta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre a tugadh roimhe i 2002. Mar shampla de thionchar an athraithe seo ar an nós imeachta áirimh, dhéanfadh cur i bhfeidhm fhormáid nua na n-imeachtaí ceannlínte líon iomlán na gCionta faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre i 2002 a mhéadú ó 184,576 go 241,133.
(Tuarascálacha Bliantúla an Gharda Síochána; 'Crime and Punishment in Ireland 1922 to 2003: A Statistical Sourcebook'; An Phríomh-Oifig Staidrimh)
Amharc ar an tábla roimhe « | » Amharc ar an gcéad tábla eile