Tá tú anseo: Baile > Staidreamh > Staidreamh maidir leis an gCóras Ceartais Choiriúil > Staidreamh Coireachta

Staidreamh Coireachta

Sa Rannóg seo

 

 

 

How are Crime Statistics Collected in Ireland?

 

Counting Procedures in Ireland and Abroad

In Éirinn, taifeadtar cion sna staitisticí coireachta nuair atá dóchúlacht réasúnta ann gur tharla cion coiriúil agus nach bhfuil aon fhianaise inchreidte ina choinne sin. Tá sé seo tábhachtach toisc gur féidir conas mar a thaifeadtar coireanna dul i gcion ar staitisticí coireachta. Mar shampla, taifeadann an tSualainn gach coir amhrasta tuairiscithe ina cuid staitisticí coireachta fiú amháin má fhaightear nach cionta coiriúla iad níos déanaí. Ina theannta sin, is féidir leis an mbealach a phróiseáltar agus a ríomhtar coireanna tionchar a bheith aige ar staitisticí coireachta, rud a thugann le tuiscint gur cóir a bheith cúramach agus staitisticí coireachta Éireannacha á gcur i gcomparáid le staitisticí tíortha eile. Mar shampla, agus é ag bailiú a chuid staitisticí, úsáideann an Garda Síochána 'riail (nó prionsabal) an phríomh-chiona', nó, i bhfocail eile, nuair a nochtar dhá chion nó níos mó ná sin san aon eachtra amháin, is é an 'príomh'-chion nó an ceann is tromchúisí a ríomhtar amháin. Mar shampla, má dhéanann duine ionsaí agus é ar meisce agus mí-iomprach, ríomhtar an t-ionsaí (an cion ceannlíne) amháin sna staitisticí coireachta, cé go bhfuil cion oird phoiblí (cion neamhcheannlíne) déanta ag an duine freisin toisc é a bheith ar meisce agus mí-iomprach go poiblí. Toisc nach bhfuil aon chaighdeáin idirnáisiúnta ann faoi conas gur ceart staitisticí coireachta a tháirgeadh agus a chur i láthair, tá sé deacair comparáidí a dhéanamh idir tíortha toisc go mbíonn na modhanna chun staitisticí a thaifeadadh agus a ríomh éagsúil ó thír go tír. Tar éis sin is uile, má tá suim agat i dtreochtaí Eorpacha níos leithne, tá Eurostat – Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach – freagrach as faisnéis ar choireanna agus ar íospairt thar Bhallstáit an AE a bhailiú, a anailísiú agus a chur i gcomparáid lena chéile.

 

Tagraíonn Staitisticí Coireachta Éireannacha don líon cionta ceannlíne agus neamhcheannlíne a thagann ar shúile an Gharda Síochána. Fórsa póilíneachta na hÉireann is ea an Garda Síochána. Úsáidtear na téarmaí ‘ceannlíne’ agus ‘neamhcheannlíne’ chun cionta a aicmiú. Tagraíonn cionta ceannlíne do thromchoireanna, amhail dúnbhású, ionsaí, cionta gnéasacha, roinnt cionta a bhaineann le drugaí, goid, buirgléireacht, robáil, coirloscadh agus calaois i measc eile. Tagraíonn cionta ‘neamhcheannlíne’ do choireanna le níos lú tromchúiseachta amhail damáiste coiriúil, mion-ionsaí, cionta oird phoiblí, seilbh airm throda agus cionta le níos lú tromchúiseachta a bhaineann le drugaí. Cuimsíonn cuid mhór de chionta neamhcheannlíne Éireannacha cionta a dhéantar faoi na hAchtanna um Thrácht ar Bhóithre (féach na staitisticí thíos). Is de thoradh ar chóras ríomhaireachta póilíneachta nua (PULSE) a thabhairt isteach  i 2000 atá an t-aicmiú coireanna ina gcionta ceannlíne agus neamhcheannlíne.  Roimhe sin, rinneadh cionta a chatagóiriú mar 'indíotáilte’ agus ‘neamhindíotáilte’ Ach, níl coireanna ‘indíotáilte’ agus ‘neamhindíotáilte’ go díreach inchomparáide le cionta ceannlíne agus neamhcheannlíne toisc athruithe in aicmiú na gcionta éagsúla an t-am sin. Cé go dtagraítear do na hathruithe sin i dTuarascáil Bhliantúil an Gharda Síochána 2000, níl réasúnaíocht, agus substaint, na n-athruithe soiléir tríd is tríd.Tá sé deacair comparáid dhíreach a dhéanamh le blianta roimhe dá bharr.


Uncovering the 'Dark Figure' of Crime


Tá sé tábhacht freisin a thabhairt faoi deara go léiríonn staitisticí coireachta Éireannacha líon na gcionta a thagann ar shúile an Gharda Síochána agus nach dtugann siad san áireamh líon na gcoireanna nach dtuairiscítear don Gharda Síochána. Glaotar ‘staitistic dhorcha’ coireanna ar seo agus tá sé ar an gcéad fáth go bhforlíontar staitisticí coireachta oifigiúla le suirbhéanna ‘coireachta agus íospartha’. In Éirinn, is féidir Suirbhé an Gharda Síochána ar Dhearcadh an Phobail agus an chomhpháirt Choireachta agus Íospartha den Suirbhéireacht Ráithiúil Náisiúnta ar Theaghlaigh, a dhéanann an Phríomh-Oifig Staidrimh, a úsáid chun tuairim faoin ‘staitistic dhorcha’ seo coireachta a fháil.


The Publication and Classification of Crime Statistics in Ireland

Suas go 2006, ba é an Garda Síochána a d’fhoilsigh staitisticí coireachta Éireannacha. Is faoi choimirce na Príomh-Oifige Staidrimh anois áfach a fhoilsítear staitisticí coireachta Éireannacha, de bharr tuarascála ó shainghrúpa ar staitisticí coireachta i 2004. Ó shin, bhunaigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Grúpa Comhairleach chun cabhrú le staitisticí coireachta agus ceartais choiriúil a fhorbairt. Mar chuid de sin, déanfar athbhreithniú ar an idirdhealú reatha idir cionta Ceannlíne/Neamhcheannlíne agus déanfar moltaí i gcomhair córas aicmithe níos stóinsithe. Tá Stiúrthóir agus Oifigeach Taighde Sinsearach na Comhairle Náisiúnta um Choireacht ina mbaill den Ghrúpa Comhairleach. Le haghaidh tuilleadh faisnéise, tabhair cuairt ar láithreán gréasáin na Príomh-Oifige Staidrimh ag http://www.cso.ie agus/nó amharc ar na staitisticí thíos.


Other Prosecuting Authorities

Ní thaifeadtar sna figiúirí coireachta a fhoilsíonn an Garda Síochána coireanna a ionchúisíonn údaráis eile ach oiread, amhail na Coimisinéirí Ioncaim, an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta, Oifig an Stiúrthóra um Fhorfheidhmiú Corparáideach, an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh agus an Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil. Is mar an gcéanna é ina lán tíortha eile.  Tá nóta coimre cúlra (PDF, 60 KB) foilsithe ag an bPríomh-Oifig Staidrimh, a d'fhéadfadh a bheith cabhrach chun roinnt de na ceisteanna a bhaineann le staitisticí coireachta Éireannacha a léirmhíniú a shoiléiriú.

 

(Foinse: Tuarascálacha Bliantúla an Gharda Síochána)

 

 

 

Ar Ais go dtí an Barr