Is iad na cúirteanna chéadchéime na cúirteanna a n-éistear le cás coiriúil don chéad uair. Ní mar an gcéanna iad agus cúirteanna achomhairc. In Éirinn, is féidir cásanna coiriúla a éisteacht ar an gcéad dul síos sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda, sa Phríomh-Chúirt Choiriúil nó, go hannamh, sa Chúirt Choiriúil Speisialta neamh-ghiúiré.
Trialtar formhór mór na gcásanna coiriúla sa Chúirt Dúiche in Éirinn. Tá an tír roinnte ina trí dhúiche is fiche, gach ceann acu le breitheamh amháin nó níos mó sannta go buan uirthi agus ansin tá Dúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath. I gcoitinne, tá dlínse coiriúil na Cúirte Dúiche áitiúil agus achoimre. Braitheann an t-ionad a n-éistear le cás ann ar an áit a ndearnadh an cion nó ar an áit a bhfuil cónaí ar an gcosantóir, a seolann sé/sí a g(h)nó nó a gabhadh é/í. Réiteach cionta achoimre atá i gceist le formhór na hoibre a dhéanann an Chúirt Dúiche, agus í ag cleachtadh a dlínse coiriúil. Cuimsíonn cionta achoimre gach cion, atá sa reachtaíocht, nuair nach bhfuil aon cheart triail le giúiré ann. De ghnáth is cionta atá ina mionchionta de ghnáth iad cionta achoimre, lena n-áirítear a leithéid de chionta agus cionta oird phoiblí agus trácht ar bhóithre chomh maith le coireanna foréigin agus drugaí a bhfuil níos lú tromchúiseachta ag baint leo. Gearrtar uasphionós bliana amháin nó uasfhíneáil i leith cionta a ndéiléailtear leo sa Chúirt Dúiche.
Féadfaidh an Chúirt Dúiche déileáil le méid áirithe cionta indíotáilte. Gabhann an ceart chun trialach le giúiré le cionta indíotáilte. Tá siad níos tromchúisí i gcoitinne ná mar atá cionta achoimre, cé go bhfuil raon na gcionta indíotáilte leathan agus éagsúil go leor. Féadtar cion indíotáilte a thriail go hachomair sa Chúirt Dúiche le toiliú an chúisí agus Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí agus má tá an breitheamh den tuairim gur cás beag go leor an cás i gceist. Má phléadálann an cúisí ciontach as cion indíotáilte, agus má ghlacann an breitheamh leis an bpléadáil, féadtar é/í a choinneáil sa Chúirt Dúiche i gcomhair a d(h)aortha chomh fada agus a thoilíonn Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí leis. Déanfar cionta áirithe, amhail éigniú, dúnmharú, tromionsaí gnéasach, tréas agus píoráideacht a eisiamh áfach. I gcás cionta indíotáilte nach dtrialtar go achomair, ní mó do bhreitheamh na Cúirte Dúiche an Leabhar Fianaise a seirbheáladh ar an gcúisí, i dteannta le haon aighneachtaí ábhartha, a scrúdú, agus, má tá sé/sí den tuairim go bhfuil cás dóthanach le freagairt, caithfidh sé/sí an cás a chur ar aghaidh chuig an gCúirt Chuarda nó an bPríomh-Chúirt Choiriúil lena thriail.
Suíonn an Chúirt Dúiche mar an Chúirt Leanaí agus í ag éisteacht le cúisimh i gcoinne cúisithe atá faoi ocht mbliana d’aois. Féadfaidh sí éisteacht le cásanna maidir le gach cion seachas dúnorgain agus na cionta sin nach féidir iad a thriail ach sa Phríomh-Chúirt Choiriúil. I mBaile Átha Cliath, tá foirgneamh ar leith, saincheaptha don Chúirt Leanaí, agus suíonn sí gach lá den seachtain oibre. Lasmuigh de Bhaile Átha Cliath, suíonn an Chúirt Leanaí i gcoitinne san ionad céanna agus na Cúirteanna Dúiche, ach ar lá nó ag am atá sonraithe go speisialta dó sin. Suíonn an Chúirt Leanaí go príobháideach.
Cúirt le dlínse áitiúil agus teoranta is ea an Chúirt Choiriúil Chuarda freisin. Tá an tír roinnte ina hocht gcuaird. Sanntar breitheamh amháin ar gach cuaird, seachas Baile Átha Cliath agus Corcaigh, áit gur féidir deichniúr agus triúr breitheamh a shannadh faoi seach. Suíonn an chúirt in ionaid dhifriúla laistigh de gach cuaird, agus maireann suíonna de ghnáth ó lá amháin go trí sheachtain. Bíonn suíonna leantacha i mBaile Átha Cliath i rith a dtéarmaí dlí, áit go suítear sna hionaid eile de ghnáth gach dhá go ceithre mhí. Déileáileann an Chúirt Chuarda le coireanna indíotáilte seachas dúnmharú, éigniú, tromionsaí gnéasach, tréas, píoráideacht agus cionta bainteacha. Trialann breitheamh agus giúiré cásanna cé gur féidir le cúisí pléadáil ciontach, agus ar an gcaoi sin, triail a ligeann thar ceal amach is amach. Déileálann an Chúirt Choiriúil Chuarda le achomhairc ón gCúirt Dúiche chomh maith, a théann ar aghaidh trí athéisteacht iomlán. Is cinneadh deiridh cinneadh na Cúirte Cuarda, ach amháin más í déine na pianbhreithe an t-aon cheist amháin le hachomharc.
Glaotar an Phríomh-Chúirt Choiriúil ar an Ard-Chúirt agus í ag cleachtadh a dlínse coiriúil. Trialann sí gach cion indíotáilte a thiteann lasmuigh de dhlínse na Cúirte Coiriúla Cuarda, is iad sin dúnmharú, éigniú agus cionta bainteacha den chuid is mó. Trialann breitheamh agus giúiré cásanna, cé gur féidir le beirt breitheamh nó níos mó suí le chéile i gcásanna áirithe, má iarrann Uachtarán na hArd-Chúirte é sin. Tá dlínse ag an bPríomh-Chúirt Choiriúil i leith an tír ina hiomláine. Go traidisiúnta, shuigh sí go heisiatach i mBaile Átha Cliath, ach, ó 2004, shuigh sí i roinnt ionad ar fud na tíre.
Fóráiltear le hAcht um Chiontaí in aghaidh an Stáit 1939 do bhunú Cúirteanna Coiriúla Speisialta chun deileáil le sceimhlitheoireacht agus le ciontaí in aghaidh an Stáit. Féadfar í a úsáid nuair a dheimhníonn Stiúrthóir na nIonchúiseamh Poiblí go bhfuil na gnáthchúirteanna ‘neamhdhóthanach'. Suíonn an chúirt seo le triúr breitheamh agus gan giúiré. Is ionann na rialacha fianaise in imeachtaí roimh an gCúirt Choiriúil Speisialta agus iad siúd a fheidhmíonn i dtrialacha sa Phríomh-Chúirt Choiriúil agus tá ceart chun achomhairc i gcoinne a cuid cinntí chuig an gCúirt Achomhairc Choiriúil. Is annamh a úsáidtear na cúirteanna seo, agus úsáideadh iad i 26 chás i 2006.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise faoi chúirteanna Éireannacha, tabhairt cuairt ar láithreán gréasáin na Seirbhíse Cúirteanna (http://www.courts.ie) agus/nó féach thíos le haghaidh roinnt staitisticí faoi chásanna coiriúla a thagann roimh chúirteanna in Éirinn.