In Éirinn, cuimsíonn smachtbhannaí pobalbhunaithe de ghnáth pionóis airgeadais, orduithe promhaidh, orduithe seirbhíse pobail agus smachtbhannaí nach pionóis choiméadta iad. Cuimsíonn pionóis airgeadais de ghnáth fíneálacha, orduithe cúitimh agus/nó tabhartais don bhosca déirce. Is iad fíneálacha na pionóis is minice a ghearrann na cúirteanna. Agus é/í ag socrú ar mhéid na fíneála, ní mór do Bhreitheamh acmhainní airgeadais an chiontóra a thabhairt san áireamh agus a chinntiú go bhfuil an fhíneáil i gcomhréir le tromchúiseacht an chiona. Tá an uasfhíneáil gur féidir leis an gCúirt Dúiche a ghearradh teoranta ag an reacht a chruthaíonn an cion nó ag an Acht um Nós Imeachta Coiriúil 1967. Má theiptear fíneáil a íoc, féadfaidh suas le 90 lá príosúnachta a bheith de thoradh air. Is iad orduithe cúitimh na dara pionóis airgeadais is minice a ghearrtar agus éilítear ar an gciontóir cúiteamh airgeadais a íoc don íospartach chun íoc as an díobháil a tharla de bharr an chiona. Is iad tabhartais don bhosca déirce an pionós airgeadais is annaimhe a ghearrann na cúirteanna agus éilítear ar an gciontóir tabhartas a thabhairt do charthanas ainmnithe mar mhalairt ar chiontú a fháil.
Gearrtar orduithe maoirseachta promhaidh, maoirseacht le linn pionóis a chur siar agus orduithe seirbhíse pobail go coitianta sa Chúirt Dúiche. Déanann an tSeirbhís Phromhaidh maoirseacht ar chiontóirí a fhaigheann a leithéid d’orduithe. Is gníomhaireacht í an tSeirbhís Phromhaidh laistigh den Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí, a bhfuil sé mar aidhm aici an choiriúlacht a laghdú agus sábháilteacht an phobail a mhéadú trí chiontóirí a bhainistiú sa phobail, trí dhul in aghaidh iompair chiontaigh/ghoilliúnaigh agus trí athimeascadh ciontóirí a éascú. Tá foráil reachtúil struchtúraithe i gcomhair ciontóirí a mhaoirsiú sa phobal ar fáil san Acht um Promhadh Ciontóirí 1907 a chuireann an bonn le hobair phromhaidh in Éirinn.
Is éard atá i gceist le horduithe maoirseachta promhaidh ná go bhfanann an ciontóir faoi mhaoirseacht oifigigh phromhaidh ar feadh tréimhse arna cinneadh ag an gcúirt agus d’fhéadfaí coinníollacha breise a bheith i dteannta leis, amhail cuirfiúnna agus srianadh ar chomhluadar, ag brath ar imthosca an cháis. Tá claonadh ar bhreithimh maoirseacht a ordú agus pionós á chur siar chun an deis a thabhairt don chiontóir a léiriú go bhfuil sé toillteanach géilleadh d'idirghabháil ar leith. Éilítear ar an gciontóir le horduithe seirbhíse pobail obair neamhíochta a dhéanamh sa phobail chun aisíoc as an damáiste a tharla de bharr an iompair chiontaigh.
I measc na roghanna eile atá ar fáil don chúirt, tá an rogha ann an cás a chur ar atráth, an cás a dhíbhe agus bannaí síochána, agus eile. Tá roinnt smachtbhannaí pobalbhunaithe ann a bheidh ar fáil d'ógchiontóirí faoi Acht na Leanaí 2001.