Tá na staitisticí lárnacha ar chóras Ceartais Choiriúil na hÉireann ar fáil ó roinnt foinsí difriúla amhail Tuarascálacha Bliantúla agus láithreáin ghréasáin na Príomhoifige Staidrimh (www.cso.ie), an Gharda Síochána (www.garda.ie), na Seirbhíse Cúirteanna (www.courts.ie), na Seirbhíse Promhaidh (www.probation.ie), Seirbhís Phríosúin na hÉireann (www.irishprisons.ie) agus Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí (www.dppireland.ie).
Cuireann Tuarascálacha Bliantúla an Gharda Síochána, suas go 2006, faisnéis ar fáil ar líon agus cineálacha na gcoireanna a thagann ar a súile. Ó 2006, bhí an Phríomhoifig Staidrimh freagrach as staitisticí coireachta a fhoilsiú. Tá staitisticí ar líon na gcásanna a thagann roimh na cúirteanna, agus na torthaí orthu, ar fáil ó Thuarascálacha Bliantúla agus láithreáin ghréasáin na Seirbhíse Cúirteanna, cé gur féidir staitisticí a fháil maidir le húsáid smachtbhannaí pobal-bhunaithe ó Thuarascálacha Bliantúla agus láithreáin ghréasáin na Seirbhíse Promhaidh agus na Seirbhíse Cúirteanna. I dteannta leis sin, tá faisnéis maidir le líon na ndaoine a gcuirtear faoi phríosúnacht, a gcuid téarmaí príosúnachta, a n-aoiseanna, a bpróifílí inscne agus eitneacha, ar fáil ó Thuarascálacha Bliantúla agus láithreán gréasán Sheirbhís Phríosúin na hÉireann.
Tá na staitisticí a chuirtear i láthair anseo neamhchoigeartaithe agus ba cheart amharc orthu i gcomhthéacs treochtaí déimeagrafacha. Idir 1996 agus 2006, mar shampla, tháinig méadú 17% ar dhaonra na hÉireann (CSO, 2007) agus d’athraigh comhdhéanamh déimeagrafach an daonra go suntasach. Is eol go dtéann a leithéid d’athruithe i gcion go mór ar staitisticí Ceartais Choiriúil.
Bain úsáid as na naisc thíos chun amharc ar fhaisnéis bhreise ar na staitisticí difriúla atá ar fáil.