Tá tú anseo: Baile >Ath-úsáid Faisnéis na hEarnála Poiblí

Ath-úsáid Faisnéis na hEarnála Poiblí

Comhlíonann an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht na Rialacháin ar Ath-úsáid Faisnéis na hEarnála Poiblí, agus spreagaimid ath-úsáid na faisnéise a tháirgmid.

Is faoi chóipcheart na Comhairle Náisiúnta um Choireacht an fhaisnéis uile ar ár láithreán gréasáin ach amháin má ndeirtear a mhalairt. Féadfaidh tú an fhaisnéis ar an láithreán gréasáin seo a ath-úsáid saor in aisce i bhformáid ar bith.

Cuimsíonn ath-úsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaíonn sí taighde agus staidéar neamh-thráchtála freisin.

Tá ath-úsáid faoi réir na gcoinníollacha a leanas. Ní mór duit:

  • an fhoinse ár gcóipcheart a admháil i gcásanna ina chuireann tú faisnéis ar fáil do dhaoine eile
  • an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn
  • gan an fhaisnéis a úsáid ar bhealach míthreorach
  • gan an fhaisnéis a úsáid chun príomhchríoch na fógraíochta nó táirgeadh nó seirbhís ar leith a chur chun cinn

  • gan an fhaisnéis a úsáid chun críocha, nó chun tacú le críocha, mídhleathacha, mímhórálta, calaoiseacha, nó mí-ionraice


Ní bheidh an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó dliteanais ag eascairt as úsáid na faisnéise seo agus ní dheimhníonn sí go bhfuil an fhaisnéis suas chun dáta nó gan earráid. Ní údaraíonn an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht aon úsáideoir cearta eisiatacha a bheith acu chun an fhaisnéis seo a ath-úsáid.

Mionsonraítear an fhaisnéis a choinníonn an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht ar an láithreán gréasáin seo ar mhapa an láithreáin.

 

Ar Ais go dtí an Barr