Leanann an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht treoirlínte maidir le hinrochtaineacht arna leagadh amach ag an W3C (World Wide Web Consortium). Táirgeann W3C WAI (Web Accessibility Initiative) treoirlínte inrochtaineachta atá inaitheanta go hidirnáisiúnta mar thagarmharc inrochtaineachta.
Agus an láithreán gréasáin seo á dhearadh, chuireamar i bhfeidhm critéir oiriúnacha Thosaíocht 1 agus Thosaíocht 2 WAI de chuid threoirlínte an WAI maidir le hinrochtaineacht inneachair ghréasáin.
![]()
Is féidir leat an láithreán gréasáin a amharc i stíleanna difriúla. Chun do rogha amhairc a athrú, roghnaigh ó na híocóin sa liosta thíos.
Gnáthstíl/Stíl réamhshocraithe
Tabhair faoi deara go gcaithfear JavaScript a chumasú chun na stíleanna thuas a rochtain. Mura bhfuil JavaScript cumasaithe is féidir leat téacs a athrú ag baint úsáide as do bhrabhsálaí:
Tá an láithreán gréasáin seo optamaithe i gcomhair priontála agus i gcomhair gléasanna láimhe. Déan an leathanach a phriontáil ag úsáid an rogha PRIONTÁIL ar do bhrabhsálaí agus priontálfar an leathanach chun oiriúnú le leithead an pháipéir.
Bailítear leathanaigh mar XHTML 1.0 Transitional agus CSS2, ag cinntiú go n-oibríonn siad le raon leathan de bhrabhsálaithe.
Baineann an láithreán seo úsáid freisin as an teicneolaíocht neamh-W3C seo:
Mura féidir leat an fhaisnéis seo a rochtain i ndoiciméad PDF ar bith, téigh i dteagmháil linn ag info@crimecouncil.gov.ie
Áirítear san ábhar agus sna híomhánna maisiúla uile ar an láithreán seo tréithe ALT. Cuirtear teidil ALT ar fáil chun an t-ábhar nó sprioc an íomhá i gceist a mhíniú.
Tá an Chomhairle Náisiúnta um Choireacht tiomanta ar a láithreán gréasáin a dhéanamh inrochtaineach do gach duine, gan aird ar ábaltacht.
Leanfaidh sí de dhlúth-mhonatóireacht a dhéanamh ar fhorbairtí agus athruithe ar threoirlíne WAI agus ar an gcleachtas is fearr go ginearálta i dtaobh láithreáin ghréasáin.
Má shíleann tú go bhféadfadh an láithreán seo a bheith níos éasca le húsáid, nó má tá deacracht agat rochtain a fháil ar fhaisnéis ar bith nó má fhaigheann tú go bhfuil aon chuid den láithreán seo inrochtaineach, cuir teachtaireacht ríomhphoist chuig info@crimecouncil.gov.ie