Trí chomórtas oscailte de ghnáth a líonfar na poist mar Oifigeach Taighde agus Oifigeach Taighde Sinsearach sa Chomhairle Náisiúnta um Choireacht. Bíonn an comórtas faoi stiúir na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí, Chapter House, Sráid na Mainistreach Uachtarach, Baile Átha Cliath 1. (Íosghlao: 1890-449999, Teil. +353-1-8587400. Facs:+353-1-8587500. Láithreán gréasáin www.publicjobs.ie). Déantar poist a fhógairt sna nuachtáin náisiúnta agus ar láithreán gréasáin na Seirbhíse um Cheapacháin Phoiblí. Trí chlárú leis an Seirbhís um Cheapacháin Phoiblí, gheobhaidh tú fógraí rialta tríd an ríomhphost faoi infhaighteacht poist taighde agus poist eile sa CNC agus in eagraíochtaí sibhialta agus seirbhíse poiblí eile.
I mí Iúil 2007, tairgeadh sochrúchán intéirnigh sa Chomhairle Náisiúnta um Choireacht don chéad uair. Earcaíodh an t-intéirneach tír scéim na n-intéirneach a fheidhmíonn an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí (www.justice.ie). Tá sé beartaithe go n-eagrófar socrúcháin intéirneacha as seo amach ar an gcaoi chéanna agus mairfidh siad go ceann tréimhse idir 6 mhí agus 9 mí.
Níl folúntas ar bith sa Chomhairle Náisiúnta um Choireacht ann faoi láthair.